{"product_id":"doiteoir-na-samhna-fionn","title":"Doiteoir Na Samhna (Fionn)","description":"\u003cp\u003eScéal fiannaíochta sa tsraith Fionn don aoisghrúpa 8-10 mbliana.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eBliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus dhóigh sé Teamhair arís agus arís eile. Ní raibh duine ar bith in Éirinn in ann é a stopadh. Ar deireadh, tháinig buachaill go Teamhair a gheall go gcuirfeadh sé deireadh leis an dóiteoir. Fionn mac Cumhaill ab ainm don bhuachaill sin. Tugadh sleá dó, agus chuaigh sé amach san oíche chun pálás an Ardrí a chosaint ar Dhóiteoir na Samhna.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eAg leanacht den leabhar ‘An Bradán Feasa’, seo é an dara leabhar sa tsraith nua Fionn do léitheoirí óga 8-10 mbliana. Athinsint do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne. Ar na leabhair eile a bheidh sa tsraith tá ‘Bodach an Chóta Lachna’ (2010), ‘An Giolla Deacair’, ‘Sí Chuilinn’ agus ‘Bran agus Sceolán’ (2011). Eiseofar cluiche cláir na sraithe Ardrí don Nollaig 2010.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e“Fíorshnasta…. Gaeilge álainn, ach sothuigthe do na léitheoirí óga.” —Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eA story of the legendry Fianna Fionn from the series for the 8-10 age group.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003eOne year, on Holloween night, a great monsterc came to Tara and put the High-King and all the Court to sleep with his magical music. When they were all asleep, the monster spat a flame from his mouth and set the High-King’s Court on fire. The monster returned, year after year, on Holloween night, and he burnt Tara again and again. Nobody in Ireland could stop him. Finally, a young boy came to Tara, he promised he would put an end to the burnings. That boy was called Fionn mac Cumhaill. He was given a spear, he went out into the night to defend the High-King’s palace against the holloween monster.\u003c\/p\u003e","brand":"Ais","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":51273166651675,"sku":"9780898332438","price":6.79,"currency_code":"GBP","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0915\/4363\/4203\/files\/doiteoir-na-samhna-fionn-2443107.png?v=1781794146","url":"https:\/\/abcschoolsupplies.co.uk\/products\/doiteoir-na-samhna-fionn","provider":"ABC School Supplies ","version":"1.0","type":"link"}